“An Ghaeilge agus an CLG” - 10 Feabhra, Páirc an Chrócaigh 2018-02-08 07:00:00

Is cúis áthais don Chumann Lúthchleas Gael, agus le Glór na nGael, a fhógairt go bhfuil seimineár lae á eagrú ar an Satharn, 10 Feabhra 2018, le plé a dhéanamh ar “An Ghaeilge agus an CLG”. Tá sé ráite ag Uachtarán an CLG, Aogán Ó Fearghail, “go leagfaidh an seimineár seo béim ar an tábhacht leanúnach a leagann clubanna an CLG ar an nGaeilge agus ag an am chéanna déanfaidh sé ceiliúradh ar Bhliain na Gaeilge 2018”


Le linn Seisiún 1, faoi chathaoirleacht Ghráinne McElwain, agus le cúnamh ó Ghearóid Ó Tuathaigh (NUIG) agus ó Paul Rouse (UCD), déanfar plé ar áit stairiúl na Gaeilge sa CLG. 


Tar éis lóin, le linn Seisiún 2, beidh Seán Bán Breathnach mar chathaoirleach. Pádhraic Ó Ciardha (TG4) – “Iriseoireacht na Gaeilge agus an CLG” Micheál Ó Sé (RnaG) – “Gaeilgeoirí Chiarraí agus an Pheil”.


Déanfar freisin iniúchadh ar staid na Gaeilge i gCLG an lae inniu & idirphlé le h-aíonna éagsúla faoi sin agus faoi abhair eile - Dara Ó Cinnéide, Joe Connolly, Ríona Ní Bhuachalla (imreoirí a rinne óráidí i nGaeilge i bPáirc an Chrócaigh ar lá chluiche ceannais); Daithí de Buitléir (Na Gaeil Óga, CLG), Aoife Ní Chasaide (Sleacht Néill, CLG). 


Mar chríoch, cuirfidh Mártan Ó Ciardha agallamh ar Mhícheál Ó Muircheartaigh lena thuairimí maidir leis an nGaeilge agus an CLG, “INNÉ, INNIU AGUS AMÁRACH” a phlé.

 
Beidh ticéid ar fáil do lucht fhreastail an tseimineáir don dá chluiche atá ar siúl i bPáirc an Chrócaigh ar an lá. 5.00pm Sraith Peile Lidl BÁC V Corcaigh agus 7.00pm Sraith Peile Allianz BÁC V Dún na nGall. 


Ní ghearrfar aon táille isteach ach tá spásanna teoranta agus moltar do daoine gur spéis leo freastal áit a chur in áirithint trí rphost a sheoladh chuig siobhan.nichuana@gaa.ie


Tuilleadh eolais faoin ócáid seo ar fáil ó; Mártan Ó Ciardha (Cathaoirleach Coiste na Gaeilge CLG) – 087 2423 600 Siobhán Ní Chuana (Rúnaí Coiste na Gaeilge CLG) – 01 865 8680 Lorcán Mac Gabhann (Ceannasaí Ghlór na nGael) – 087-9790193

Bheinn buíoch as aon cabhair gur féidir leat tabhairt chun tacú leis an scéal faoin seimineár seo a scaipeadh i measc Oifigí Bhord Chorcaí agus baill CLG sa chontae gur spéis leo an Ghaeilge. Tá súil agam go mbeidh tú ábalta a bheith ann tú féin. 








Car Insurance Ireland
site designed & developed by Sportsmanager.ie